Cosán Oidhreachta Átha Buí

Cosán Oidhreachta Átha Buí

Siúil leat ar chosán oidhreachta Átha Buí go bhfeicfidh tú cuid den stair agus traidisiún saibhir atá ag muintir an bhaile seo atá suite ar mhachairí méithe na Mí.

St James RC Church Athboy

Tógadh Baile Átha Buí ag an áth, áit a mbíodh daoine ag dul trasna na habhann, am éigin sa 6ú h-aois AD. Bhí tábhacht leis an áit trasnaithe seo mar go raibh córas bóithre ag díriú ar Áth Buí ar feadh na gcianta roimhe sin. Is ar na bóithre sin a d’fhás an baile.  Tá sé ráite go raibh cónaí ar dhraoithe timpeall Átha Buí i dtosach báire agus go raibh siad lonnaithe ar Chnoc Thlachta in aice láimhe.

Tháinig ionróirí na Normannach go hÁth Buí sa bhliain 1180. Ba é plean na Normannach ná caisleán agus ballaí móra a thógáil timpeall ar bhailte tábhachtacha. Thóg na Normannaigh ballaí cearnógacha ón abhainn siar chomh fada leis an tséipéal agus ó Pháirc ‘Scarlet’ go dtí cúl na dtithe atá ar thaobh iarthuaisceart na príomhshráide.  Bhronn Rí Shasana, Anraí VII cairt ar an mbaile sa bhliain 1497 agus faoin bhliain 1500 ba é an daingean Páile ba faide siar ag an am.   

Le linn Éirí Amach 1641, thóg Eoghan Rua Ó Néill seilbh ar an mbaile. Le linn aimsir Chromail agus briseadh an Éirí Amach, d’aistrigh úinéireacht formhór na dtailte mórthimpeall d'eachtrannaigh Shasanacha.  D’éirigh le John Bligh as Londain seilbh a ghlacadh ar thailte go leor i gceantar Átha Buí. Tugadh an teideal Iarla Darnley ar cheann clainne mhuintir Bhligh sa bhliain 1725.

Muintir Darnley a dhear an baile mar atá inniu agus a chuir forbairt an bhaile i gcrích san ochtó agus san naoú céad déag. I 1903, bhris Acht Wyndham cumhacht na dtiarnaí talún agus sa bhliain 1909, chuir Francis Walter, Iarla Darnley an Baile ar ceant. Dúnadh oifig an eastáit, an Old Darnley Lodge Hotel mar atá anois, sa bhliain 1948.
 

1. Séipéal Naomh Shéamais
Críochnaíodh an séipéal seo sa bhliain 1845 ag tús an ghorta mhóir. Tógadh é faoi stiúir an Athar Rickard, S.P, atá curtha i gclós an tséipéil. Tá dealbh den Athar Ó Gramhnaigh, duine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge, ar thalamh an tséipéil chomh maith.  Ba mhór a thábhacht maidir le cur chun cinn na teanga Gaeilge de ag an am. Séamus De Paor a rinne an dealbh agus Uachtarán na hÉireann, Seán T. Ó Ceallaigh a nocht é sa bhliain 1956.


2. The Old Darnley Lodge Hotel
Oifig eastáit mhuintir Darnley ar leo Baile Átha Buí agus na tailte mórthimpeall ón bhliain 1770 a bhí anseo.  Bhí tionchar mór ag an gclann seo ar fhorbairt Átha Buí nó gur bhris Acht Wyndam cumhacht na dtiarnaí talún sa bhliain 1903.  Sa deireadh dhíol sias an baile sa bhliain 1909

3. Tailte Eaglais na hÉireann
Tógadh an séipéal seo sa bhliain 1772.  Baineann an túr le séipéal de chuid na gCairmilíteach a bhí ann roimhe sin agus tá sé fós ann mar chuid den séipéal nua.  Tá an leabharlann anois sa teach cónaithe ina mbíodh Sexton an tséipéil.  Tá roinnt de sheanbhallaí Átha Buí a thóg na Normannaigh san aonú céad déag chun an baile a chosaint le feiceáil fós ag bun na reilige.

4. An Droichead Coise Miotail
Trasnaíonn an droichead seo Abhainn an Átha Buí.  Is ag an bpointe seo a thrasnaigh an chéad sráid a bhí in Áth Buí, é ag dul i dtreo Faiche an Aonaigh agus Tlachta, seanáitreabh na nDraoithe. 

5. Teach an Innill sa Stáisiún Traenach
Baineann na foirgnimh bhreátha seo leis an tseirbhís iarnróid a d’fhreastal ar Áth Buí ar feadh beagnach céad bliain.  Osclaíodh an líne a chuaigh idir Baile Átha Cliath agus Áth Buí sa bhliain 1864. Dúnadh é go h-oifigiúil sa bhliain 1957.  B’fhurasta na h-innill traenach de chuid an Midland and Great Western a aithint de bharr an libhré shuntasach a raibh dath smaragaid-ghlas orthu agus an t-ainmchlár a raibh dath flanndearg air. Tharla go leor damáiste don stáisiún nuair a phléasc buama ann le linn chogadh na gcarad sa bhliain 1923. 

6. Faiche an Aonaigh
Ceaptar gurbh é seo an láithreán cónaithe is sine in Áth Buí. Tá an fhaiche suite gar do Chnoc Thlachta, áit a mbíodh teampall na nDraoithe tráth.  Is ar an bhfaiche seo a mbíodh cluichí agus comórtais ag muintir na háite. Bhronn an Tiarna Darnley an fhaiche ar mhuintir Átha Buí i 1909. Is ann a bhíodh aonaigh mhíosúla na mbó go dtí gur tháinig deireadh leo sa bhliain 1999.   
 

7. The Mall 
Anseo a tugadh an t-anraith do na daoine bochta aimsir an ghorta mhóir. Bhíodh an t-anraith á réiteach i bpota mór millteach a rollaítí isteach os cionn na tine. Ar chúl an 'Mall' tá stáblaí agus clós Lóiste Átha Buí.  Ba le muintir Dyas an áit seo agus ba leo an capall Manifesto chomh maith, an chéad chapall a bhuaigh Grand National Aintree.   
 

8. An Droichead 
 Ba é tógáil an droichid timpeall na bliana 1400 a chruthaigh treo an bhaile mar atá inniu.  Cuireadh sruth na habhann ar mhalairt treo chun roth a thógáil don mhuileann in aice láimhe.  
 

9. The Macra Hall / Halla Mhacra na Feirme  
Bhíodh teach na cúirte anseo agus tógadh é sa bhliain 1863 mar chuid de bheairic an RIC (Royal Irish Constabulary).  Bhí an bheairic agus an príosún san áit a bhfuil Banc na hÉireann anois.   Cheannaigh Comhairle Contae na Mí an foirgneamh seo agus baineadh úsáid as mar theach cúirte nó gur díoladh é sa bhliain 1964. Tá an halla ar fad athchóirithe ó shin agus is ionad gníomhach d’óige an cheantair anois é. 
    
10. Scoil Átha Buí
Bhíodh an bhunscoil sa bhfoirgneamh breá cloiche seo. Tógadh é sa bhliain 1885 agus dúnadh é sa bhliain 1949.  Cheannaigh Ord na Trócaire an uair sin é agus bhí meánscoil acu ann ar feadh 13 bliain ina dhiaidh sin.     
 11. Teach an Mhargaidh – Búitíc Mhic Giolla Chainnigh
Teach an mhargaidh a bhíodh anseo, áit a mbíodh torthaí na bhfeirmeacha mórthimpeall ar díol ar feadh na mblianta.  Is ar an Déardaoin a bhíodh an margadh go traidisiúnta anseo agus bhíodh duine oifigiúil ag meá an ghráin, prátaí agus glasraí. Cheannaítí agus dhíoltaí olann na gcaorach go séasúrach anseo chomh maith.  

 12. Fothracha Chaisleán Átha Buí 
Thíos faoin teach seo atá fothracha Chaisleán Átha Buí. Thóg na Normannaigh an chaisleán sa bhliain 1180 agus thug sé cosaint d’iarthar an bhaile. Bhí an lána atá ar thaobh an chaisleáin mar phríomhshráid an bhaile tráth, agus bhí sé ar a mhalairt de threo i gcomparáid leis an phríomhshráid mar atá anois.  

13. The Waxies Dargle
Thugtaí an Ludwidge Arms ar an tábhairne seo fadó.  Teach tábhairne le stáblaí le haghaidh coistí ab ea é, áit ar athraítí na capaill ar an tslí ó Bhaile Átha Cliath go Connacht.  Théadh an bóthar seo trí Cill na Seanrátha.  Tá cónaí ar shliocht Ludwidge sa gceantar go fóill.     

 

Cliceáil anseo le haghaidh léarscáil