Ráiteas Príobháideachais Cosanta Sonraí do Chomhairle Contae na Mí

Ráiteas Príobháideachais Cosanta Sonraí do Chomhairle Contae na Mí

Ráiteas Príobháideachais Cosanta Sonraí do Chomhairle Contae na Mí

Eolas maidir linne agus an chúis a bhfuil do chuid faisnéise á lorg againn

Déanann Comhairle Contae na Mí iarracht tacú le forbairt gheilleagrach, shóisialta agus chultúrtha Chontae na Mí agus cur go suntasach le caighdeán saoil phobal Chontae na Mí a fheabhsú. Ceann de chroíchuspóirí Chomhairle Contae na Mí, cuspóir atá luaite inár bPlean Corparáideach freisin, é seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar, atá curtha in oiriúint do riachtanais ár gcustaiméirí ar fad. Ní hamháin go n-áirítear sa tseirbhís seo ar ardchaighdeán leibhéal agus cáilíocht na seirbhíse a chuirtear ar fáil dár gcustaiméirí, ach freisin cáilíocht ár bpróiseas cinnteoireachta, éifeachtacht agus éifeachtúlacht ár n-oibríochtaí corparáideacha, caighdeán ár n-áiseanna agus ár gcumas dul in oiriúint i dtimpeallacht shíorathraitheach. Chun an raon seirbhísí is éifeachtaí agus is spriocdhírithe agus is féidir a sholáthar chun freastal ar riachtanais saoránach, pobal agus gnóthaí Chontae na Mí, ceanglófar orainn cineálacha áirithe faisnéise faoi dhaoine agus eagraíochtaí a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid. Ag brath ar an gcineál seirbhíse atá á thairiscint, d’fhéadfaí go n-áireofaí san fhaisnéis a lorgófar ‘sonraí pearsanta’ mar atá sainaitheanta sna hAchtanna um Chosaint Sonraí agus sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus d’fhéadfadh go mbeadh an fhaisnéis ag baint le húsáideoirí reatha, iar-úsáideoirí agus úsáideoirí seirbhíse amach anseo; iarfhostaithe; fostaithe reatha agus ionchasacha; soláthróirí; agus baill den phobal a d’fhéadfadh cumarsáid a dhéanamh lenár mbaill foirne. Ina theannta sin, d’fhéadfaí go gceanglófaí ar bhaill foirne, ó am go ham, cineálacha áirithe sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid chun ceanglais rialála nó reachtúla a chomhlíonadh.

Cén fáth a bhfuil ráiteas príobháideachais againn?

D’fhorbair Comhairle Contae na Mí an ráiteas príobháideachais seo chun léargas a thabhairt ar a tiomantas do phríobháideachas agus d’fhonn dearbhú a thabhairt duit, sna déileálacha ar fad a bhíonn agat le Comhairle Contae na Mí, go gcinnteoimid slándáil na sonraí a chuireann tú ar fáil dúinn. Cruthaíonn, bailíonn agus próiseálann Comhairle Contae na Mí méid suntasach sonraí pearsanta i bhformáidí éagsúla gach lá. Tugann Comhairle Contae na Mí an gealltanas seo a leanas maidir leis na sonraí pearsanta a d’fhéadfaí a cheangal ort a chur ar fáil dúinn;

•    Fuarthas an fhaisnéis go dleathach, go cothrom agus ar bhealach trédhearcach
•    Fuarthas an fhaisnéis chun críocha sonracha, sainráite agus dliste
anacha
•    Tá an fhaisnéis oiriúnach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun na críche a fuarthas an fhaisnéis
•    Tá an fhaisnéis taifeadta, stóráilte go beacht agus go slán agus coinnithe cothrom le dáta áit ar gá
•    Ní choimeádtar an fhaisnéis ach don tréimhse is gá chun na gcríoch a fuarthas an fhaisnéis.
•    Coimeádtar an fhaisnéis i bhfoirm a cheadaíonn an duine is ábhar do na sonraí a aithint
•    Ní phróiseáiltear an fhaisnéis ach ar bhealach a chinntíonn slándáil chuí na sonraí pearsanta lena n-áirítear cosaint i gcoinne próiseála neamhúdaraithe nó neamhdhleathaí.

Beartas Cosanta Sonraí

Tá Beartas Cosanta Sonraí mionsonraithe ag Comhairle Contae na Mí ina ndéantar cur síos ar an ngealltanas atá tugtha againn maidir le slándáil aon sonraí pearsanta a chuireann tú ar fáil dúinn a chinntiú. 

An chúis a dteastaíonn do shonraí teagmhála uainn

Chun cumarsáid a dhéanamh leat, iarrfar ort do shonraí teagmhála a chur ar fáil. Ní gá duit do shonraí teagmhála ar fad a sholáthar ach má chuireann tú níos mó sonraí cosúil le seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, seoladh ar fáil, beidh sé níos éasca cumarsáid a dhéanamh leat. Tabhair faoi deara, ar mhaithe le do phríobháideachas a chosaint, go bhfuil céimeanna á gcur i gcrích againn chun d’aitheantas a fhíorú roimh rochtain ar shonraí pearsanta a cheadú. Féadfar na sonraí teagmhála seo a úsáid chun d’aitheantas a fhíorú freisin.

An roinntear na sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil mar chuid den ghníomhaíocht seo le heagraíochtaí eile?

Féadfaidh Comhairle Contae na Mí, ar mhaithe le hoibleagáidí reachtúla nó rialála a chomhlíonadh nó ar mhaithe le leas an phobail, ó am go ham, sonraí pearsanta a roinnt le heagraíochtaí nó aonáin eile (in Éirinn nó thar lear). Sa chás go gceanglaítear a leithéid, beidh aird ag Comhairle Contae na Mí ar shlándáil agus ar shláine na sonraí agus íoslaghdófar na sonraí a roinnfear.

Cé chomh fada a choinníonn Comhairle Contae na Mí na sonraí pearsanta seo?

beartas náisiúnta coinneálamionsonraithe forbartha ag Comhairle Contae na Mí ina bhfuil sonraí le fáil faoin tréimhse ama a mbeidh do chuid sonraí pearsanta á gcoinneáil ag Comhairle Contae na Mí agus céard a dhéanfar leis na sonraí sin nuair atá an tréimhse choinneála riachtanach imithe in éag.

Do Chearta

Tá an ceart agat rochtain ar shonraí pearsanta atá á gcoinneáil fút a lorg, deimhniú a fháil maidir le cibé acu an ann d’fhaisnéis nó nach ann d’fhaisnéis fút, a bheith ar an eolas faoi ábhar agus foinse na sonraí agus cruinneas na sonraí a sheiceáil. Lena chois sin, má chinntear go bhfuil na sonraí atá á gcoinneáil againn fút míchruinn, tá an ceart agat na sonraí atá i seilbh Chomhairle Contae na Mí a athrú, a bhaint, a bhacadh nó cur i gcoinne úsáid na sonraí sin. Tá an ceart chun iniomparthacht sonraí agat freisin. In imthosca áirithe, d’fhéadfadh go mbeadh bac a chur ar rochtain ar shonraí mar bhonn le moill ar sheirbhís nó rochtain ar sheirbhís a bhaint sa chás go bhfuil na sonraí ag teastáil de réir an dlí nó le haghaidh cuspóirí riachtanacha a bhaineann le seirbhís a sholáthar duit.  Chun na cearta sin a fheidhmiú, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae na Mí (an Rialaitheoirí Sonraí) ag an seoladh seo a leanas: 

An tOifigeach um Chosaint Sonraí,
Comhairle C
hontae na Mí,
Teach Buvinda,
Bóthar Átha Cliath,
An Uaimh,
Co
ntae na Mí
C15 Y291

r-phost: dataprotection@meathcoco.ie 

An Ceart Gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí

Mura bhfuil tú sásta le toradh an fhreagra a fuair tú ó Chomhairle Contae na Mí maidir le d’iarratas, tá tú i dteideal gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí a d’fhéadfadh an cheist a imscrúdú duit.